Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin i ndáil le hÓcáid Lasta Soilse ar an gCrann Nollag san Áras

Sat 7th Nol, 2019 | 15:30
suíomh: (Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

(Baile Átha Cliath) Áras an Uachtaráin

Saturday, 07th December, 2019

Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin i ndáil le hÓcáid Lasta Soilse ar an gCrann Nollag san Áras

Gach bliain tagann thart ar 20,000 duine ar cuairt ar Áras an Uachtaraín, mar aíonna ag cuid den iliomad imeachtaí a eagraítear i dteach cónaithe Uachtarán na hÉireann.

Ag ceann amháin de na himeachtaí sin, a tharlaíonn gach bliain ag tús mhí na Nollag, cuireann an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidbhín fáilte roimh na gcéadta teaghlach chuig an Áras chun a bheith i láthair nuair a chastar air soilse na Nollag go hoifigiúil.

Is ócáid ar leith a bhíonn anseo, mar a gcuireann an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte speisialta roimh na páistí in Áras an Uachtaráin tríd an teach a athrú ina áit lán le hiontais an gheimhridh, le soilse glioscarnacha, réinfhianna bréige agus béiríní geala bána agus tagann Daidí na Nollag é féin i láthair go speisialta.