Searmanas i gcomhair Ghradaim Scothsheirbhíse an Uachtaráin

Déa 2nd Nol, 2021 | 17:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Thursday, 02nd December, 2021

Searmanas i gcomhair Ghradaim Scothsheirbhíse an Uachtaráin

Bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Gradaim Scothsheirbhíse an Uachtaráin 2020 agus 2021 ag searmanas in Áras an Uachtaráin.
 
Bronnann an tUachtarán na Gradaim gach bliain, mar aitheantas ar an tseirbhís a thugtar don tír seo, nó do phobail Éireannacha thar lear, orthu siúd atá ina gcónaí taobh amuigh d'Éirinn.
 
Cruthaíodh na Gradaim in 2011, mar shlí le haitheantas a thabhairt do chion bhaill dhiaspóra na hÉireann, agus bhronn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn na chéad ghradaim in 2012.
 
Is iad buaiteoirí na ngradam in 2020:
 
Ealaíon, Cultúr agus Spórt

  • James W. Flannery (SAM)
  • Mitsuko Ohno (an tSeapáin)
  • Fiona Shaw (An Bhreatain)

 
Obair Charthanach

  • An tSiúr Louise Horgan (An Téalainn)
  • Alice Kennedy (nach maireann) (An Bhreatain)

 
Tacaíocht don Phobal Éireannach

  • Loretta Cosgrove (Australia) 


Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt

  • William Duncan (An Isiltír)
  • An tSiúr Patricia Murray (An Iodáil)
  • An tAthair Kevin O’Hara (An Nígéir)

 
Eolaíocht agus Teicneolaíocht

  • Dennis Slamon (SAM)

 
Is iad buaiteoirí na ngradam in 2021:
 
Ealaíon, Cultúr agus Spórt

  • Susan Feldman (SAM)
  • Professor Roy Foster (An Bhreatain)
  • An Bráthair Colm O’Connell (An Chéinia)

 
Gnó agus Oideachas

  • An tSiúr Orla Treacy (An tSúdáin Theas)

 
Obair Charthanach

  • Doreen Nanibaa McPaul (SAM)
  • Phyllis Morgan-Fann (An Bhreatain)
  • Jim O’Hara (An Bhreatain)
  • Billy Lawless (SAM)

 
Tacaíocht don Phobal Éireannach

  • Adrian Flannelly (SAM)

 
Síocháin, Athmhuintearas agus Forbairt

  • Bridget Brownlow (Ceanada)

 
Ar feadh a théarma in oifig, tá béim curtha ag an Uachtarán O hUigínn ar ghné dhomhanda oidhreacht chultúrtha na hÉireann, suntas an diaspóra agus an stair agus an fhéiniúlacht choiteann a roinnimid in ainneoin "na dteorainneacha, na n-aigéan agus na mílte a d'fhéadfadh a bheith ag teacht romhainn".