Chuir an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn fáiltiú ar bun in Áras an Uachtaráin chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh.
Is imeacht domhanda atá in Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúrann a bhfuil bainte amach ag mná agus a tharraingíonn aird ar an ngá le comhionannas inscne, sa bhaile agus thar lear.