Fáíltiú ar scáth an Uachtaráin in ómós don Lá Domhanda SEIF,

hAo 1st Nol, 2017 | 18:00
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Friday, 01st December, 2017

Fáíltiú ar scáth an Uachtaráin in ómós don Lá Domhanda SEIF,

Cuirfidh an tUachtarán fáiltiú ar siúl chun an Lá Domhanda SEIF a chomóradh, i ndáil le Comóradh Cinn 30 ag VEID na hÉireann agus chun moladh a thabhairt do na daoine agus na heagrais a bhíonn ag obair chun scaipeadh SEIF a chosc agus chun cabhair a thabhairt do dhaoine atá ag fulaingt leis an VEID. 

Anuraidh, rinneadh níos mó ná 500 cás nua de VEID a dhiagnóisiú in Éirinn. Tá méadú tagtha ar líon na n-infhabhtuithe nua le blianta beaga anuas, agus is iad na modhanna braite feabhsaithe is cúis leis sin, den chuid is mó. 
Tá an fhreagairt náisiúnta agus idirnáisiúnta ar ghéarchéim SEIF tógtha ar bhuncheart gach duine teacht ar an tsláinte agus ar an bhfolláine. Is cuid lárnach den straitéis idirnáisiúnta chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach atá sa cheart chun na sláinte. 
Tarraingíonn an Lá Domhanda SEIF aird ar thábhacht an chirt chun na sláinte, agus chomh maith leis sin, ar na dúshláin atá roimh daoine atá ag fulaingt leis an VEID agus iad ag iarraidh na cearta sin a bhaint amach.