Bhí urraim á tabhairt do bhaill Fhoireann na hÉireann a bhí páirteach i gCluichí Parailimpeacha Rio 2016 le linn fáiltiú a bhí á óstáil ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín Uí Uigínn.
Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh do na lúthchleasaithe agus don fhoireann chóitseála teacht chuig Áras an Uachtaráin chun comhghairdeas a dhéanamh go pearsanta leo as ar bhain siad amach sna Cluichí Parailimpeacha agus as a ról mar ionadaithe na hÉireann ar an stáitse spóirt idirnáisiúnta.
Cliceáil ar tháb na hóráide chun aitheasc an Uachtaráin do na lúthchleasaithe Parailimpeacha a léamh.