Chuir an tUachtarán Ó hUigínn crann i gcuimhne ar Tom Johnson (1872-1963), údar Chlár Oibre Poblacánaighe na Dála. Mar Cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre, ba é Johnson céad Cheannaire an Fhreasúra, ról a bhí aige idir 1922-1927.
Bhí cur an chrainn mar chuid d’fháiltiú faoi scáth an Uachtaráin le ceiliúradh a dhéanamh ar 50 bliain ó bunaíodh Cumann Staire Lucht Saothar na hÉireann. Cuireadh Cumann Staire Lucht Saothar na hÉireann ar bun i 1973 leis na taifid agus na cuimhní cinn, idir scríofa agus labhartha, mhuintir lucht oibre na hÉireann agus a n-eagraíochtaí a chaomhnú. D’fhreastail figiúirí mór le rá ón ré seo agus ón am atá caite ón ngluaiseacht lucht oibre ar an ócáid.