Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin ag Concern, in ómós dá gComóradh Cinn 50

Mái 27th Már, 2018 | 17:00
suíomh: Áras an Uachtaráin
Fáiltiú ar scáth an Uachtaráin ag Concern, in ómós dá gComóradh Cinn 50

D’óstáil an tUachtarán fáiltiú, chun ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 50 bliain Concern. 

Bhunaigh John agus Kay O’Loughlin-Kennedy Concern i 1968, mar fhreagra ar an ngorta i gceantar Biafra sa Nigéir. Ón ngníomh “Send One Ship” a d’eascair as, tá an eagraíocht fásta ina Eagraíocht Neamhrialtasach mór atá ag bair in os cionn 50 tír ar fud an domhain. 

Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn le foireann Concern go minic, lena n-áirítear cruinnithe mullaigh idirnáisiúnta maidir le Spriocanna um Fhorbairt Inbhuanaithe agus cúnamh daonnúil. In Eanáir 2014, bhronn Concern Gradam an Atar Aengus Finucane as Seirbhísí don Chine Daonna ar an Uachtarán Ó hUigínn. In 2017, thug an tUachtarán Ó hUigínn ómós do dhuine de bhunaitheoirí Concern, an tAthair Jack Finucane. Féadfaidh tú focail an Uachtaráin a léamh anseo.