Thug an tUachtarán Ó hUigínn cuireadh do roinnt ionadaithe ó phobal stáisiún raidió na hÉireann chuig Áras an Uachtaráin, chun bunú Fóram Raidió Pobail na hÉireann (CRAOL) 20 bliain roimhe sin a chomóradh.
Nuair a bhí sé ina Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta, in 1995, rinne an tUachtarán Ó hUigínn maoirseacht ar bhronnadh ceadúnais ón IRTC (Údarás Craolacháin na hÉireann anois) ar aon stáisiún raidió pobail déag.
Ina aitheasc, mhol an tUachtarán CRAOL agus a bhaill, agus tharraing sé aird ar thábhacht an raidió pobail do phobail áitiúla agus dár ndaonlathas ina iomláine chomh maith.