Cóisir sa Gháirdín ar scáth an Uachtaráin, do ghrúpaí Pobal Thuaidh-Theas

Céa 13th Mei, 2018 | 16:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Cóisir sa Gháirdín ar scáth an Uachtaráin, do ghrúpaí Pobal Thuaidh-Theas

Óstálfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn sraith Cóisirí Gairdín arís an samhradh seo, chun ceiliúradh a dhéanamh ar obair na ndaoine agus na n-eagraíochtaí atá ag obair chun Éire níos fearr a thógáil do gach duine.

Leanann na Cóisirí Gairdín le traidisiún a bhí ag Uachtaráin roimhe seo agus i mbliana cuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte roimh os cionn 4,000 duine ó gach cearn d’oileán a hÉireann chuig a n-áit chónaithe i bPáirc an Fhionnuisce.

Beidh an dara Cóisir Ghairdín ar siúl ar an 13 Meitheamh, agus tabharfar ómós ann d’eagraíochtaí cosmhuintire atá ag obair chun síocháin agus athmhuintearas agus comhoibriú Thuaidh-Theas a chur chun cinn ar oileán na hÉireann.