Bhí cóisir gairdín á reáchtáil ag an Uachtarán agus Sabina ag ceiliúradh dlúthpháirtíocht dhomhanda agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe.
Tá cur síos déanta ag an Uachtarán ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe mar phlean comhroinnte don tsíocháin agus don rathúnas, ag cur béime ar a dtábhacht ina chuid iarrachtaí plé a chothú ar mhúnlaí nua forbartha daonna atá fréamhaithe in eitic, smaointeoireacht chriticiúil, cearta an duine agus dínit.