D'óstáil an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn sraith Cóisirí Gairdín arís an samhradh seo, chun ceiliúradh a dhéanamh ar obair na ndaoine agus na n-eagraíochtaí atá ag obair chun Éire níos fearr a thógáil do gach duine.
Leanann na Cóisirí Gairdín le traidisiún a bhí ag Uachtaráin roimhe seo agus i mbliana cuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín fáilte roimh os cionn 4,000 duine ó gach cearn d’oileán a hÉireann chuig a n-áit chónaithe i bPáirc an Fhionnuisce.
Déanfadh ceiliúradh ag Cóisir Ghairdín an 16 Meitheamh ar Lá Bloom, agus ar ealaíona agus cultúr na hÉireann.