Fáiltíonn an tUachtarán Ó hUigínn roimh an Dr Ian d’Alton agus an Dr Ida Milne ar chuairt chúirtéise

Céa 2nd Már, 2022 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin

Áras an Uachtaráin

Wednesday, 02nd March, 2022

Fáiltíonn an tUachtarán Ó hUigínn roimh an Dr Ian d’Alton agus an Dr Ida Milne ar chuairt chúirtéise

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh an Dr. Ian d'Alton agus an Dr. Ida Milne a bhí ar cuairt chúirtéise chuig Áras an Uachtaráin.

Bhronn siad cóip dá leabhar 'Protestant and Irish, The Minority’s search for a place in independent Ireland' ar an Uachtarán.

Tá Ian d'Alton ina Chomhalta Taighde Cuartaíochta i Lárionad Stair Chomhaimseartha na hÉireann, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Is léachtóir i Stair na hEorpa i gColáiste Cheatharlach í Ida Milne.