Teachtaireacht do mhic léinn in institiúidí tríú leibhéal ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

Céa 19th Bea, 2021 | 15:00
Teachtaireacht do mhic léinn in institiúidí tríú leibhéal ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

D’eisigh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn físteachtaireacht speisialta do mhic léinn in institiúidí tríú leibhéal.

Ina theachtaireacht do na mic léinn, d’aithin an tUachtarán na nithe a chuir isteach ar shaolta na mac léinn, agus ghabh sé buíochas leo as a gcomhoibrithe agus a bhfoighne le linn na tréimhse deacra seo.