Taispeántas dar teideal, “From Prisoner to President” á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Déa 12th Iúi, 2018 | 17:00
suíomh: Príosún Chill Mhaighneann, Baile Átha Cliath
Taispeántas dar teideal, “From Prisoner to President” á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

d'Oscail an tUachtarán Ó hUigínn taispeántas Nelson Mandela i bPríosún Chill Mhaighneann i mBaile Átha Cliath, chun comóradh a dhéanamh ar chothrom lae 100 bliain ó rugadh Nelson Mandela agus ar 25 bliain de chaidreamh taidhleoireachta idir Éire agus an Afraic Theas. 

Léirítear sa taispeántas, a osclaíonn in Éirinn mar thoradh ar chuairt an Uachtaráin Uí Uigínn ar Mhúsaem an Apartheid in 2014, láidreacht agus leithead chaidreamh na hÉireann leis an Afraic Theas, ó thacaíocht na hÉireann leis an ngluaiseacht frith-Apartheid, go dtí an chomhpháirtíocht bheoga agus ilghnéitheach atá idir Éire agus an Afraic Theas.  

Beidh an taispeántas faoi dhuine de throdaithe na saoirse is mó aithne ar domhan ar siúl i bPríosún Chill Mhaighneann, inar coinníodh cuid de throdaithe na saoirse is mó aithne na hÉireann tráth.