D’fhoilsigh an tUachtarán Ó hUigínn teachtaireacht tacaíochta don fheachtas “Ireland Reads”.
Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas seo, a bhailíonn leabharlanna Éireannacha le chéile le foilsitheoirí, díoltóirí leabhar, scríbhneoirí agus eile, daoine a spreagadh le lúcháir na léitheoireachta a athaimsiú.
Tá sé mar chuid de ‘Keep Well’, tionscnamh an rialtais a dhéanann ceiliúradh ar an léitheoireacht agus na buntáistí go léir a bhíonn aici ar shláinte agus sult na ndaoine.
Ina theachtaireacht, luaigh an tUachtarán “an ról lárnach a bhain, agus a bhaineann go fóill, le leabhair i mo shaol féin. Is dílis an cara é an leabhar”.
Cé nach bhfuil leabharlanna ar oscailt faoi láthair don iasacht de bharr shrianta shláinte phoiblí Covid19, is féidir le baill teacht ar sheirbhís a leabharlainne ar líne agus rochtain a fháil ar na mílte ríomhleabhar agus closleabhar.
Cliceáil ar na táib Fuaime nó Físeáin chun éisteacht le haitheasc an Uachtaráin, nó cliceáil anseo chun í a léamh.