Tugann an tUachtarán an príomhaitheasc in Ollscoil Fordham

Lua 30th Meá, 2019 | 11:00
suíomh: (USA) Fordham University

(USA) Fordham University

Monday, 30th September, 2019

Tugann an tUachtarán an príomhaitheasc in Ollscoil Fordham

Thug an tUachtarán Léacht Chéimiúil an Uachtaráin sa tsraith léachtaí ar ábhar an daonnúlachais in Ollscoil Fordham ar an téama ‘An Daonnúlachas agus an tIntleachtóir Poiblí in Am na Géarchéime’.

Is comhshaothar atá sa tsraith a bunaíodh go luath sa bhliain 2019 idir Misean Buan na hÉireann chuig na NA agus Institiúid Gnóthaí Daonnúla Idirnáisiúnta (IIHA) in Ollscoil Fordham.

Thar thréimhse 18 mí, trí shraith léachtaí agus ceardlann céimiúil, tá iniúchadh á dhéanamh sa chomhshaothar ar na dúshláin atá roimh lucht déanta beartas agus daonnúlaigh agus iad ag iarraidh a chinntiú go bhfaighidh siad siúd atá ar an ngannchuid an cabhair atá uathu, go gcloífear le prionsabail an daonnúlachais, agus go gcosnófar sibhialtaigh. Tarraingíonn an tsraith ar shaineolas teicniúil agus acadúil suntasach na hInstitiúide Gnóthaí Daonnúla Idirnáisiúnta chomh maith le gréasán fairsing teagmhálacha na hinstitiúide in eagrais thábhachtacha daonnúla.

Cuideoidh toradh na gcainteanna le bonn eolas a chur faoi ullmhúcháin na hÉireann don bhallraíocht i gComhairle Slándála na NA, áit a n-ardaítear ceisteanna daonnúla níos minice ar bhonn práinne.

Ina aitheasc labhair an tUachtarán faoi thábhacht na Náisiún Aontaithe d’Éirinn agus faoin ngá le comhoibriú idirnáisiúnta níos fearr chun tabhairt faoi dhúshláin dhomhanda.

 

 Cliceáil ar an táb Speech chun tuilleadh eolais a fháil.