Déardaoin 25 Eanáir thug an tUachtarán Ó hUigínn an príomhaitheasc ag an gComhdháil “Brexit, Ireland and the Future of Europe.”
Ina aitheasc chuir an tUachtarán fáilte roimh an méadú sa díospóireacht phoiblí faoin AE agus faoi thodhchaí an chomhoibrithe san Eoraip, agus tharraing sé aird ar atógáil an Aontais, á rá nach bhféadfaí é a atógáil ón mbarr anuas ach go gcaithfí é a athnuachan trí dhíriú ar ábharthacht an AE dá shaoránaigh agus ar na dúshláin atá rompu.
Dúirt an tUachtarán nach féidir na dúshláin atá roimh an Aontas Eorpach – athrú aeráide, imirce dhomhanda, todhchaí shaol na hoibre – a shárú ach amháin tríd an gcomhtháthú sóisialta agus trí na hinstitiúidí sin a thugann le chéile agus a chosnaíonn an dlúthpháirtíocht sa tsochaí a neartú.
Ó insealbhaíodh é, labhair an tUachtarán ar an iliomad ócáid faoin tábhacht a bhaineann le hathnuachan an AE, go háirithe sna hóráidí seo a leanas:
- Aitheasc in Ollscoil Sorbonne, Feabhra 2013
- Aitheasc i bParlaimint na hEorpa, Aibreán 2013.
- Aitheasc ag seimineár ar an Daonlathas agus an Dlisteanacht Phobail san AE, Márta 2014
- Aitheasc i dTionól Parlaiminte Chomhairle na hEorpa, Eanáir 2015
- Aitheasc in Ollscoil Nua Eabhrac, Meán Fómhair 2015
- Aitheasc don Chumann um Léann Eorpach Comhaimseartha, Aibreán 2016
- Aitheasc ag an 7ú comhdháil bhliantúil de TASC, Meitheamh 2016
- Aitheasc do bhaill an Chóir Thaidhleoireachta, Eanáir 2017
- Aitheasc ag Comhdháil na gCeannairí Gnó de chuid IBEC, Márta 2017
- Aitheasc do Chumann Eorpach na n-Iarchomhaltaí Parlaiminte, Meitheamh 2017
- Aitheasc do Chomhdháil Dhébhliantúil ICTU, Iúil 2017
- Aitheasc ag comhdháil Cheartas Sóisialta Éireann, Samhain 2017