Agus é in Sydney, thug an tUachtarán cuairt ar an Ionad Ardfheidhmíochta de chuid Chumann Rugbaí na hAstráile i Moore Park, sular osclaíodh go foirmiúil é.
Chuaigh Cumann Rugbaí na hAstráile (ARU) i bpáirt le hOllscoil na Teicneolaíochta in Sydney chun an tIonad a fhorbairt, ag ceanncheathrú an ARU.
Ina aitheasc don ARU agus d'ionadaithe Chlub Lansdowne, labhair an tUachtarán faoin gceangal stairiúil idir an Astráil agus Éire i dtaca le rugbaí. Luaigh an tUachtarán an athuair a "lántacaíocht" d'iarracht na hÉireann an Corn Domhanda Rugbaí a rith in 2023 - rud a bhí déanta roimhe sin ag an Uachtarán, i Márta 2017 mar shampla, nuair a chuir sé fáilte roimh thoscairí an Rugbaí Dhomhanda chuig Áras an Uachtaráin.
Is féidir éisteacht le hóráid an Uachtaráin trí an ghearrthóg fuaime thíos a bhrú.