Thug an tUachtarán Ó hUigínn an príomhaitheasc, dar teideal ‘Europe and Africa: Towards a New Relationship’ ag imeacht arna eagrú ag an Institiúid um Ghnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha (IIEA).
Ina aitheasc don IIEA, rinne an tUachtarán Micheál D.Ó hUigínn machnamh ar an dochar a rinne an phaindéim ar ár bpobail, ár ngeilleagar agus ár sochaithe.
Rinne an tUachtarán plé ar ghéarchéim an choróinvíris mar fhadhb dhomhanda, a dteastaíonn freagairt dhomhanda uaithi, agus déanfaidh sé an cás go dtugann an ghéarchéim deis gan fasach don phobal domhanda cur chuige nua a chruthú ina chaidreamh leis an Afraic.