Dé Domhnaigh an 28 Eanáir, thug an tUachtarán Ó hUigínn an eochairaitheasc ag comóradh Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe.
Déannan comóradh bliantúil Lá Cuimhneacháin an Uileloiscthe cuimhne gach duine a cailleadh san Uileloscadh. Meabhraíonn sé sé mhilliún fear, bean agus páiste Giúdach agus na milliúin eile a ndearna na Naitsithe géarleanúint orthu agus a dhúnmharaigh iad mar gheall ar a n-eitneachas, a míchumas, a gclaonadh gnéasach, a gcleamhnachtaí polaitiúla nó a gcreideamh reiligiúnach.