Ar lá deireanach dá cuairt ar Bhéal Feirste agus ar Dhoire, thug an tUachtarán Connolly cuairt ar Youth Action Northern Ireland, Peace and Reconciliation Centre áit ar bhuail sí le Bainisteoir Cláir Dominic Bonner agus Príomhfheidhmeannach Dr Martin McMullan.
Le linn na cuairte, bhuail an tUachtarán le daoine óga atá rannpháirteach i gcláir Youth Action lena n-áirítear rannpháirtithe trasna na teorann as Rath Bhoth, Dún na nGall, agus baill den phobal Ioslamach áitiúil.
