Tugann an tUachtarán Connolly cuairt ar Focus Ireland

Céa 19th Sam, 2025 | 14:45
suíomh: The Liberties, Dublin
Tugann an tUachtarán Connolly cuairt ar Focus Ireland

Thug an tUachtarán Catherine Connolly cuairt ar phríomhoifig Focus Ireland, áit ar bhuail sí leis an bPríomhfheidhmeannach, Pat Dennigan, agus leis an bhfoireann, agus shínigh sí leabhar comhbhróin don tSiúr Stanislaus Kennedy.

Oibríonn Focus Ireland chun easpa dídine a chosc agus a réiteach trí raon leathan seirbhísí, tithíocht thacaithe, agus abhcóideacht a sholáthar.

Cuireann an eagraíocht tacaíocht dhíreach ar fáil do dhaoine aonair agus do theaghlaigh, amhail cóiríocht éigeandála agus thacaithe, seirbhísí bia agus comhairle.