Tugann an tUachtarán Connolly cuairt ar Clondalkin Equine Club

Déa 16 Aib, 2026 | 14:15
suíomh: Clondalkin Equine Club, Leamhcán, Baile Átha Cliath

Tabharfaidh an tUachtarán Connolly cuairt ar Clondalkin Equine Club i Leamhcán, Co. Bhaile Átha Cliath.

Osclaíodh an Clondalkin Equine Club in 2017 agus cuireann sé timpeallacht thacúil agus iomlánaíoch ar fáil do pháistí mhórcheantar Leamhcáin agus Chluain Dolcáin agus cuireann sé áit shábháilte agus spreagúil ar fáil dóibh chun a gcapaill a choinneáil agus aire a thabhairt dóibh.