Thug an tUachtarán Connolly cuairt ar shiopa athchóirithe Naomh Uinseann de Pól i gCaisleán Uí Chonaill, Co. Luimnigh.
Tá Cumann Naomh Uinseann de Pól i láthair sa sráidbhaile le daichead bliain anuas agus le linn an ama sin d'fhreastail siad ar a misean chun tacú leo siúd a bhí i ngátar is mó i bpobal Chaisleán Uí Chonaill agus níos faide i gcéin.
Is é Cumann Naomh Uinseann de Pól an eagraíocht charthanachta dheonach is mó in Éirinn, a thacaíonn go gníomhach le daoine atá ag dul i ngleic le bochtaineacht agus míbhuntáiste.
