Thug an tUachtarán Catherine Connolly cuairt ar thaispeántas an ealaíontóra Brian Maguire, 'These Beautiful Men', ag Rua Red, Ionad Ealaíon Bhaile Átha Cliath Theas.
Tá Brian Maguire ag obair go dlúth le fir atá ina gcónaí go sealadach in ionad Seirbhísí Cóiríochta um Chosaint Idirnáisiúnta, ag tarraingt portráidí gualaigh a léiríonn éiginnteacht, díláithriú agus neamhbhuanseasmhacht an tsaoil laistigh den chóras.
