Chuir an tUachtarán Connolly fáilte roimh bhaill foirne ó Mhainistir Kylemore, Co. na Gaillimhe, agus iad ag tabhairt dhá chapaillíní Chonamara chuig Áras an Uachtaráin ar feadh tréimhse trí mhí.
Tá an capaillín Chonamara “Ruby” agus a searrach “Pippa” le bheith ag féarach ar thailte an Árais mar chuid de chlár oibre chun bithéagsúlacht an tsuímh 130 acra a fheabhsú.
Tógann an chomhpháirtíocht seo freisin ar shocrú níos luaithe, a théann siar go dtí aimsir an Uachtarán Childers, nuair a bhronn sé tréad de chapaillíní Chonamara folaíochta ar an Stát sa bhliain 1974.
Is de shliocht díreach na gcapaillíní a bhronn an tUachtarán Childers iad na capaillíní atá sa tréad reatha i bPáirc Náisiúnta Chonamara.
