Roimh Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta Tubaiste Chornobyl ar an 26 Aibreán, d'óstáil an tUachtarán Connolly fáiltiú chun comóradh a dhéanamh ar 40 bliain ó Thubaiste Chornobyl
Ar an 8 Nollaig 2016, ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún lena n-ainmníodh an 26 Aibreán mar Lá Cuimhneacháin Idirnáisiúnta Tubaiste Chornobyl. Ina rún, d'aithin an Comhthionól Ginearálta go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha fadtéarmacha leanúnacha ann tríocha bliain tar éis na tubaiste agus go bhfuil riachtanais leanúnacha ghaolmhara ag na pobail agus na críocha atá buailte.
Is bliain thar a bheith tromchroíach í i mbliana agus muid ag ceiliúradh 40 bliain ó thubaiste Chornobyl.
