Óstálann an tUachtarán Connolly Searmanas Dintiúir

Déa 26 Már, 2026 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Óstálann an tUachtarán Connolly Searmanas Dintiúir

Chuir A Shoilse George Morara Orina, Ambasadóir Phoblacht na Céinia agus A Soilse Angela Hassan-Sharp, Ambasadóir na Nua-Shéalainne, a Litreacha Creidiúna i láthair do Uachtarán Connolly ag searmanas in Áras an Uachtaráin.

Ar theacht go hÉirinn dóibh, agus sular féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh, ní mór d'Uachtarán na hÉireann fáilte oifigiúil a chur roimh Ambasadóirí nua. Tá Ambasadóirí creidiúnaithe go hoifigiúil d'Éirinn ón nóiméad a nglacann an tUachtarán lena nDintiúr.