Freastalaíonn an tUachtarán Connolly ar oscailt Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026

Domh 2 Lún, 2026 | 12:15
suíomh: Halla na Cathrach, Béal Feirste
Freastalaíonn an tUachtarán Connolly ar oscailt Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026

Dé Domhnaigh an 2 Lúnasa, d'fhreastail an tUachtarán Connolly ar oscailt Fhleadh Cheoil na hÉireann 2026 i mBéal Feirste.

Bhunaigh Comhaltas Ceoltóirí Éireann an Fhleadh sa bhliain 1951 chun ceol thraidisiúnta na hÉireann, amhránaíocht, damhsa agus an Ghaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú.

Is í an chéad Fhleadh a reáchtálfar i mBéal Feirste agus an dara ceann a reáchtálfar i dTuaisceart Éireann tar éis Fleadh 2013 i nDoire.