D'fhreastail an tUachtarán Connolly ar sheoladh áis nua spóirt uisce, HQ2O Watersports, atá lonnaithe i gCé an Chustaim, Baile Átha Cliath.
Seoladh ceithre churach traidisiúnta i stíl Chonamara ar a dtugtar "Curacha na Life" mar chuid den ócáid. Beidh na curacha mar chuid lárnach den áis, rud a thabharfaidh deis do dhaoine de gach aois taithí a fháil ar chuid dhomhain d'oidhreacht na hÉireann.
