Déanfaidh an tUachtarán freastal ar cheolchoirm “Sound of Ireland” in Amharclann na Mainistreach.
Déanann “Sound of Ireland” ceiliúradh ar an bpíb uilleann, agus tá an cheolchoirm á reáchtáil chun aird a tharraingt ar an aitheantas a fuarthas le gairid ón Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe as tábhacht agus leithleachas na píobaireachta uilleann mar shiombail oidhreachta cultúrtha.
Níos luaithe i mbliana, chuir an tUachtarán fáilte roimh an bpíobaireacht a bheith á chur san áireamh ar Liosta Ionadaíoch Oidhreacht Chultúrtha Doláimhsithe an Chine Daonnade chuid EOECNA.