Bhí an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn ar cheann Shearmanas Comórtha Bliantúil 1916 a bhí ar siúl in Eaglais an Chroí Ró-Naofa ar Chnoc an Arbhair, Baile Átha Cliath.
Ba é an tAire Cosanta a reáchtáil an searmanas agus is éard a bhí ann Aifreann na Marbh agus searmanais ag uaigh Cheannairí 1916.
Leag an tUachtarán bláthfhleasc chun iad siúd a bhásaigh in 1916 a chomóradh, agus bhí nóiméad ciúnais ann.