Freastalaíonn an tUachtarán ar imeacht pobail Ghníomhú Ar Son na hAeráide i gCnocán Uí Dhálaigh

Dom 7th Sam, 2021 | 17:30
suíomh: TU Dublin Grangegorman

TU Dublin Grangegorman

Sunday, 07th November, 2021

Freastalaíonn an tUachtarán ar imeacht pobail Ghníomhú Ar Son na hAeráide i gCnocán Uí Dhálaigh

D’fhreastail an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ar chruinniú na gcomhphobal Bhaile Phib, na Cabraí agus Bhóthar na gCloch in Ollscoil Teicneolaíocht Bhaile Átha Cliath i nGráinseach Ghormáin le léargas áitiúil a fháil ar dhúshlán an athraithe aeráide. Labhair an tUachtarán ag an imeacht, freisin. Tá TASC (the Think-Tank for Action on Social Change), a d’óstáil an t-imeacht, ag obair le pobal Bhaile Phib le togra píolótach ‘The People’s Transition’ a sheoladh – múnla don ghníomhaíocht aeráide a bhfuil sí mar aidhm aige dul i ngleic le riachtanais agus mianta an phobail trí réitigh aeráide.

Tá sí mar aidhm ag an togra, atá ag feidhmiú i mBaile Phib le hocht mí anuas le tacaíocht ó AIB, cluas éisteachta a thabhairt do ghuth an phobail sula ndéanfar iarracht réitigh a fhorbairt a mbeadh faoi stiúir an phobail. Bhí Cumann Peile Bóihéamach páirteach san imeacht freisin agus fógraíodh ‘Bohemian Way’, comhfhiontar le healaíontóirí, le filí agus le ceoltóirí áitiúla ar mhaithe le daoine a spreagadh sa troid in aghaidh an athraithe aeráide.