Cuirfidh an tUachtarán agus Sabina fáilte roimh H.E. Tô Lâm, Uachtarán Phoblacht Shóisialach Vítneam, agus a Bhean, Bean Lâm, ar ócáid a gCuairte Stáit ar Éirinn.

Céa 2nd Dei, 2024 | 11:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Cuirfidh an tUachtarán agus Sabina fáilte roimh H.E. Tô Lâm, Uachtarán Phoblacht Shóisialach Vítneam, agus a Bhean, Bean Lâm, ar ócáid a gCuairte Stáit ar Éirinn.

Tabharfaidh Uachtarán Phoblacht Shóisialach Vítneam, Tô Lâm, faoi chuairt stáit ar Éirinn ar chuireadh ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn.

Cuirfear tús leis an gCuairt Stáit le fáiltiú searmanais in Áras an Uachtaráin, agus ina dhiaidh sin beidh cruinniú déthaobhach idir an bheirt Cheannairí Stáit.

Ar thráthnóna an chéad lá den Chuairt Stáit ag H.E. Tô Lâm, Uachtarán Phoblacht Shóisialach Vítneam, cuirfidh an tUachtarán agus Sabina Uí Uigínn Dinnéar Stáit ar siúl chun ómós a thabhairt dá n-aíonna.

I mí na Samhna 2016, thug an tUachtarán Ó hUigínn cuairt stáit ar Vítneam ar chuireadh ón Uachtarán Tran Dai Quang ag an am.