An tUachtarán agus Saidhbhín ag ceiliúradh Uair ar son an Domhain 2018

Sat 24th Már, 2018 | 20:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
An tUachtarán agus Saidhbhín ag ceiliúradh Uair ar son an Domhain 2018

Mar aon le blianta roimhe seo, tá an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn chun ceiliúradh a dhéanamh a Uair ar son an Domhain trí na soilse in Áras an Uachtaráin a mhúchadh Dé Sathairn an 24 Márta.

Agus an tionscnamh a fhógairt aige, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn: 

“Gníomh cumhachtach atá sa ghníomh siombalach agus aontaithe seo de na soilse a mhúchadh i dtithe agus i bhfoirgnimh phoiblí; gníomh a scallfaidh solas ar an ngá ríthábhachtach atá le gníomh faoin aeráid. 

Imeacht tábhachtach agus cumhachtaithe inár bhféilire is ea Uair ar son an Domhain. Am atá ann a dtagaimid le chéile, thar teorainneacha agus criosanna ama, chun an tábhacht atá ag baint lenár bpláinéad agus ár sochaithe a chosaint ó thionchair an athraithe aeráide a léiriú. 

Tugtar comhartha soiléir i gComhaontú Pháras agus sna Spriocanna Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe de na gníomhartha is gá dúinn a ghlacadh, le chéile. Deis is ea Uair ar son an Domhain chun ár ndiongbháilteacht chomhroinnte a léiriú chun na gníomhartha riachtanacha a ghlacadh.”