Mar a rinne siad sna blianta roimhe seo, d’oscail an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn Áras an Uachtaráin i gcomhair Oíche an Chultúir.
Tugadh turas timpeall an Árais do na cuairteoirí, agus sheinn Cumann na Cruite Stairiúla ceol dóibh agus chan Bernard Lawrence ó Chaisleán an Bharraigh amhráin dóibh chun cultúr agus eitneacht an Lucht Siúil a cheiliúradh.