An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2023 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Céa 11th Ean, 2023 | 13:45
suíomh: RDS, baile átha Cliath 4

RDS, baile átha Cliath 4

Wednesday, 11th January, 2023

An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eólaí Óg, 2023 á oscailt go hoifigiúil ag an Uachtarán

Sheol an tUachtarán Ó hUigínn An Taispeántas um Theicneolaíocht agus Eolaí Óg, 2023. 
 
Tar éis dhá imeacht fhíorúla a reáchtáil in 2021 agus 2022 de bharr phaindéim Covid-19, d’fhill an ócáid ar an RDS, BÁC 4, do thaispeántas 2023. 
 
Bailíonn an ócáid cuid de na daoine óga is éirimiúla sa tír le chéile le dul san iomaíocht don teideal mar Eolaí agus Teicneolaí Óg na Bliana BT. 
 
Mhol an tUachtarán an comórtas mar go dtugann sé ardán do dhaoine óga a dtallanna a léiriú agus dúirt sé gur “buaic an éachta agus na fionnachtana eolaíochta i measc na hóige ar fud an domhain atá ann”. Mhol sé é freisin as an spreagadh a thugann sé do dhaoine óga teorainneacha na heolaíochta a shárú agus a bhfuinneamh cruthaithe agus a bhfiosracht a chur i bhfeidhm chun a fháil amach cén chaoi ar féidir an domhan mórthimpeall orthu a fheabhsú.