Freastalaíonn an tUachtarán agus Saidhbhín ar oscailt Fleadh Cheoil na hÉireann 2024

Dom 4th Lún, 2024 | 16:00
suíomh: Loch Garman, Co. Loch Garman
Freastalaíonn an tUachtarán agus Saidhbhín ar oscailt Fleadh Cheoil na hÉireann 2024

Ar an 4ú Lúnasa, d’oscail an tUachtarán Ó hUigín Fleadh Cheoil na hÉireann go foirmiúil i Loch Garman.

Is í Fleadh Cheoil na hÉireann an ceiliúradh is mó ar domhan de cheol, teanga, amhránaíocht agus damhsa Éireannach.