Cuirfidh Prionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine fáilte roimh an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ag Gailearaí agus Músaem Victoria in Ollscoil Learphoill.
Tá eolas maith ag an Uachtarán ar Institiúid an Léinn Éireannaigh óna chuairteanna roimhe seo agus óna chomhaontú lena Ríogacht, an Prionsa Séarlas, go mbeidís ina gcomhphátrúin ar an Institiúid. Cuirfear an Chomhphátrúnacht ar bhonn foirmiúil, agus fógrófar Léachtóireacht faoin gComhphátrúnacht le linn na hócáide san Ollscoil.