Déanann an tUachtarán óráid ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe don Todhchaí

Dom 22nd Meá, 2024 | 12:00
suíomh: Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac
Déanann an tUachtarán óráid ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe don Todhchaí

Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUiginn óráid ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe don Todhchaí ag Ceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac. Is ócáid ar leibhéal ard é an Cruinniú Mullaigh, a thugann ceannairí an domhain le chéile chun comhaontú nua idirnáisiúnta a chruthú ar conas lá níos fearr a thabhairt agus an todhchaí a chosaint.

Ina óráid, déanfaidh an tUachtarán achainí láidir agus práinneach ar thíortha tacaíocht a thabhairt do na Náisiúin Aontaithe chun a dtiomantais don Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh – go háirithe “ocras nialasach”.