Labhraíonn an tUachtarán ag Cruinniú Mullaigh Chórais Bia na NA

Déa 23rd Meá, 2021 | 14:00
Labhraíonn an tUachtarán ag Cruinniú Mullaigh Chórais Bia na NA

Chuir an tUachtarán Ó hUigínn Ráiteas Náisiúnta na hÉireann i láthair Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe (NA) faoi Chórais Bhia.
 
Imeacht iomlán fíorúil a bheidh sa Chruinniú Mullaigh le linn Sheachtain Ardleibhéil Chomhthionól Ginearálta na NA, ach feictear é mar dheis stairiúil chun daoine a chumasú chun tionchar a bheith acu ar chumhacht na gcóras bia ár dtéarnamh ó phaindéim COVID-19 a thiomáint agus an domhan a chur ar ais ar a bhonn chun gach aon cheann de na 17 Sprioc Domhanda um Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach roimh 2030. 
  
Ina chruinnithe sa Róimh an tseachtain seo caite, chuir an tUachtarán Ó hUigínn béim ar an bhfíric nach bhfuil an domhan ar an mbóthar ceart chun an Clár Oibre um Fhorbairt Inbhuanaithe 2030 a bhaint amach agus go bhfuil córais bhia nua-aimseartha (cuimsítear sa sainmhíniú na gnéithe agus na gníomhaíochtaí go léir a bhaineann le táirgeadh agus ídiú bia, agus a n-iarmhairtí, lena n-áirítear na torthaí eacnamaíochta, sláinte agus timpeallachta) i gceartlár chuid mhaith de dhúshláin mhóra an lae inniu. 
 
Bhí na ceisteanna sin ar an gclár nuair a bhuail an tUachtarán Ó hUigínn leis an bPápa Proinsias agus le hArd-Stiúrthóir na hEagraíochta Bia agus Talmhaíochta de chuid na NA, an tUasal Qu Dongyu, sa Róimh an tseachtain seo caite, agus bhí siad faoi chaibidil i gcuid de chruinnithe an Uachtaráin i gceanncheathrú na NA sna blianta roimhe sin. 
 
Chomh maith leis sin, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc an tseachtain seo do Chruinniú Tánaisteach Ardleibhéil faoin Innéacs Leochaileachta Ilghnéitheach i dtaca le Stáit Bheaga Oileánda i mbun Forbartha agus do chruinniú tánaisteach dar teideal “Clár Oibre Coiteann na NA á chur i bhFeidhm: Gníomh chun Comhionannas agus Ionchuimsiú a Bhaint Amach”.