Aitheasc ón Uachtarán ag Dinnéar Fleáchais chun clabhsúr a chur le Scoil Samhraidh JFK. Cuireann sé crann in ómós do Chomóradh Cinn 50 na Páirce Chuimhneacháin

Sat 8th Meá, 2018 | 18:00
suíomh: (Loch Garman) Páirc Chuimhneacháin JFK

Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i láthair ag imeacht clabhsúir Scoil Samhraidh Uí Chinnéide 2018 i Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman.


Chuir an tUachtarán crann sa Chranlann chomh maith, chun comóradh a dhéanamh ar oscailt Pháirc Chuimhneacháin JFK 50 bliain ó shin, páirc 623 acra i gcuimhne ar Uachtarán na Stát Aontaithe, John F. Kennedy, a d’oscail an tUachtarán Éamon de Valera in 1968.

---


In 2013, rinne an tUachtarán Ó hUigínn comóradh ar chuairt an Uachtaráin  John F. Kennedy go hÉirinn 50 bliain roimhe sin, i mí an Mheithimh 1963. Is féidir leat féachaint ar an teachtaireacht speisialta ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn  anseo.

Sa bhliain chéanna, chuir an tUachtarán fáilte roimh Caroline Kennedy iníon  iar-Uachtarán SA, go hÁras an Uachtaráin, i dteannta a fear céile, Edwin Schlossberg, a gclann Rose, Tatiana agus Jack, chomh maith le cuid mhaith de theaghlach Uí Chinnéide. 

Is féidir leat tuilleadh a fhoghlaim faoin gcrann a chuir an tUachtarán Ó Cinnéide i dtailte Áras an Uachtaráin trí chliceáil anseo