Is imeacht bliantúil atá in "The State of the Union", chun machnamh a dhéanamh ar an Aontas Eorpach. Is í Institiúid Ollscoile na hEorpa a eagraíonn an t-imeacht agus bíonn sé ar siúl i bhFlórans gach Bealtaine.
Faoin teideal “Solidarity in Europe”, dhírigh comhdháil na bliana 2018 ar thopaicí éagsúla, ina measc beartais eacnamaíochta, fhioscacha agus airgeadaíocha na hEorpa, an infheistíocht shóisialta, an imirce, an chosaint agus an tslándáil, an t-athrú aeráide, agus an fuinneamh.