Tugann an tUachtarán aitheasc i bParlaimint na hEorpa

Céa 17th Aib, 2013 | 12:00
suíomh: Parlaimint na hEorpa, Strasburg

Parlaimint na hEorpa, Strasburg

Wednesday, 17th April, 2013

Tugann an tUachtarán aitheasc i bParlaimint na hEorpa

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn aitheasc do shuí foirmiúil de Pharlaimint na hEorpa  in Strasbourg. 

Ina óráid, labhair an tUachtarán ar thábhacht na freagrachta i ndaonlathais agus d’éiligh sé samhlacha nua den gheilleagar chun a chinntiú go mbeimid ábalta an ghéarchéim a shárú. Labhair an tUachtarán freisin faoin ngá le smaointe nua agus faoin tábhacht le smaointeoireacht sheanbhunaithe faoin ngeilleagar a cheistiú. 

"Is oidhreacht í an Eoraip nach féidir neamhshuim a dhéanamh de. Tá cumha ag ár saoránaigh i ndiaidh teanga na dlúthpháirtíochta, tiomantas don chomhtháthú, agus reitric chuimsitheach atá cuí i dtaca le haontas polaitiúil atá ag forbairt."

Is féidir leat óráid an Uachtaráin a léamh anseo, nó éisteacht leis trí chliceáil ar an nasc thíos.