Thug an tUachtarán aitheasc do chomhdháil gréasáin AEPI ar an bhfreagairt do phaindéim Covid-19 san Afraic.
Ba é Mike Murphy a bhí ag óstáil na comhdhála, a rinne iniúchadh ar na roghanna agus ar na deacrachtaí a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an bpaindéim, agus ar na ceachtanna atá le foghlaim ó phaindéimí san am atá caite, amhail ráigeanna Ebola. I measc na rannpháirtithe bhí parlaiminteoirí, lucht acadúil agus lianna ó chuid mhaith de thíortha na hEorpa agus na hAfra ice.
Is féidir leat féachaint ar aitheasc an Uachtaráin anseo: https://president.ie/ga/diary/details/president-addresses-aepi-webconference-responding-to-covid-19-the-situation-in-africa/video