Insealbhú an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn

Dom 11th Sam, 2018 | 18:00
suíomh: Dublin Castle

Dublin Castle

Sunday, 11th November, 2018

Insealbhú an Uachtaráin Micheál D. Ó hUigínn

Insealbhaíodh Micheál D. Ó hUigínn mar Uachtarán na hÉireann.

Is é Micheál D. Ó hUigínn 9ú hUachtarán na hÉireann, agus an 5ú hUachtarán a rinne seirbhís in oifig ar feadh dhá théarma.

Atoghadh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn don dara téarma, tar éis dó 56% den vóta a ghnóthú – an líon is mó vótaí céadrogha a fuarthas riamh i dtoghchán na hUachtaránachta in Éirinn.


Ordaítear i mBunreacht na hÉireann go ndéanfar Uachtarán na hÉireann a insealbhú ar an lá i ndiaidh dheireadh théarma oifige an Uachtaráin roimhe. I mbliana, titeann dáta an insealbhaithe ar an lá céanna le comóradh céad bliain dheireadh an Chéad Chogaidh Dhomhanda, agus tá iarrtha ag an Uachtarán go gcuirfí ar chumas na ndaoine sin ar mian leo é freastal a dhéanamh ar shearmanais chomórtha Lá an tSosa Chogaidh ar an 11 Samhain.