Ar an gcéad lá dá gCuairt Stáit ar an Ríocht Aontaithe, bhuail a Mhórgacht Ríoga, Prionsa na Breataine Bige agus Bandiúc Chorn na Breataine leis an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínnn in Ambasáid na hÉireann i Londain, sular thug siad a n-aghaidh le chéile ar Windsor.
Chuir a Mórgacht, Banríon Eilís II agus a Mhórgacht, Diúc Dhún Éideann fáilte fhoirmiúil roimh an Uachtarán agus Saidhbhín ag an Ardán Ríoga, Bóthar Dachet, in Windsor agus ina dhiaidh sin thaisteal siad lena chéile i gcóiste capaill i gcomhair searmanas fáilte i gCaisleán Windsor.
Rinne an tUachtarán, é á thionlacan ag Diúc Dhún Eideann, cigireacht ar an nGarda Onóra sa Chearnóg i gCaisleán Windsor. Mar chuid den fháilte fhoirmiúil, thug an Garda Onóra an Chúirtéis Ríoga, agus sheinn an banna ceoil Amhráin Náisiúnta na hÉireann agus na Breataine.