Dintiúir á gcur i láthair ag Ambasadóirí Nua

Mái 16th Dei, 2018 | 14:30
suíomh: Áras an Uachtaráin
Dintiúir á gcur i láthair ag Ambasadóirí Nua

Chuir a Soilsí, Ambasadóirí Iosrael, na Nua Shéalainne agus Phoblacht Pharagua a Litreacha Creidiúna faoi bhráid an Uachtaráin in Áras an Uachtaráin inniu.
 
Bhí a Shoilse, an tUasal Ophir Kariv, Ambasadóir Iosrael á thionlacan ag a bhean, Moriya Hoter-Kariv agus a chlann, Shahar, Aviad agus Harel Kariv agus ag an Uasal Orli Weitzman, Leas-Cheann Misiúin. 
 
Bhí a Shoilse, an tUasal Bradley Burgess, Ambasadóir na Nua Shéalainne á thionlacan ag an Uasal Tony Harris, Attaché, Ambasáid na Nua Shéalainne. Beidh a Shoilse, an tUasal Burgess ar an gcéad Ambasadóir cónaitheach ón Nua Shéalainn go hÉirinn.
 
Thaisteal a Shoilse, an tUasal Genaro V. Pappalardo, Ambasadóir Phoblacht Pharagua, as Londain le haghaidh na hócáide.
 
Bhí an Teachta Dála Jim Daly, Aire Stáit sa Roinn Sláinte a bhfuil cúram speisialta air i dtaca le Meabhairshláinte agus le Daoine Breacaosta, ina ionadaí Rialtais ag an searmanas.
 
Bhí na daoine seo a leanas i láthair chomh maith: An tUasal Art O’Leary, Ard-Rúnaí an Uachtaráin; an Coirnéal Liam Condon, Aide-de-Camp an Uachtaráin; An tUasal Niall Burgess, Ard-Rúnaí na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála; An tUasal Feilim McLaughlin, An tUasal Joe Brennan agus an tUasal Marylee Wall, Prótacal, An Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. 
 
Rinne Coimhdeacht Onóra, de dhíorma gluaisrothair ón Dara Scuadrún Marcra, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi cheannas an Leifteanaint Grattan O’Hagan, na hAmbasadóirí a thionlacan go dtí Áras an Uachtaráin agus ar ais.
 
Chuir an 1ú Chomplacht Coisithe Meicnithe, Airmheán Traenála Óglaigh na hÉireann, Campa an Churraigh, Co. Chill Dara, faoi cheannas an Dara Leifteanant Conor Jamieson,  Garda Onóra ar bun in Áras an Uachtaráin.   
 
Bhí an tArmbhanna Uimhir 1, Dún Chathail Bhrugha, Baile Átha Cliath, faoi stiúir an Chaptaein  Fergal Carroll.