Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ráiteas ón Uachtarán O hUigínn ar bhás Donal Barrington

Dáta: Céa 3rd Ean, 2018 | 19:05

“Is cúis mhór bhróin dom  a chloisteáil faoi bhás an iar-Bhreithimh Donal Barrington.

Bhí Donal Barrington ar dhuine díobh siúd a raibh intleacht agus guth den scoth aige i measc lucht an dlí in Éirinn, agus bhí ionchur ceannródaíoch aige i réimse chearta an duine.

Tá oidhreacht luachmhar fágtha aige i gcúrsaí dlí phoiblí agus bhunreachtúil, tar éis dó aird a tharraingt go leanúnach ar an tábhacht a bhaineann le cearta sibhialta agus polaitiúla, ní hamháin in Éirinn, ach thar lear chomh maith.

Mar bhunaitheoir ar eagraíochtaí amhail Tuairim agus an Chomhairle um Chearta an Duine, áit ar oibrigh sé i ndlúthpháirt le Mary Robinson, agus trína chuid oibre san Ard-Chúirt, sa Chúirt Uachtarach, sa Chéad Dlísheomra de Chúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach agus mar Uachtarán ar an gCoimisiún um Chearta an Duine in Éirinn, léirigh sé ceannaireacht agus an creat domhanda maidir le cearta an duine á chur i bhfeidhm in Éirinn.

Mar Uachtarán na hÉireann, ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do Donal Barrington agus mo chomhbhrón a chur in iúl dá chlann, dá chairde agus dá chomhghleacaithe go léir.”