Fiosraigh & Tabhair Cuairt

Fiosraigh & Tabhair Cuairt

Na Gairdíní

Na Gairdíní

Tá Áras an Uachtaráin suite i measc 130 acra d’fhearann páirce agus de ghairdíní a théann siar chomh fada le tógáil an tí in 1751.

Is é Decimus Burton a thóg na gairdíní foirmiúla in 1840 agus chuir Ninian Niven píosaí leo níos deireanaí. Tá go leor gnéithe Victeoiriacha iontu, crainn searmanais, crannlann, fásach, faichí pléisiúir, aibhinní, cosáin, lochanna ornáideacha agus garraithe daingne ina measc.

Téann cuairteoirí tríd na gairdíní foirmiúla chuig cosán na Banríona idir chrainn searmanais ar gach aon taobh, agus isteach go dtí an garraí daingean uachtair a bhfuil teach gloine péitseog de chuid Turner mar theorainn theas air.

Soláthraíonn an garraí daingean, atá á riar go hinbhuanaithe agus a bhfuil stádas orgánach aige, torthaí, glasraí agus bláthanna le haghaidh an Árais. Baintear leas as na húlla agus na piorraí go léir chun sú orgánach a dhéanamh le tabhairt do chuairteoirí an Uachtaráin.

Tá an-suim ag an Uachtarán agus ag Sabina Higgins sna gairdíní agus tá cineálacha nua glasraí orgánacha curtha ag fás acu iontu. Tá rogha mórthaibhseach de dháilianna gradamacha curtha le gairid i ngairdín an Uachtaráin.